Listen Ad-free

Nóisin

Cian Mac Coisteala agus Sorcha Ní Rianach-Puirséil

Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cian & Sorcha agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn! Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo! read less
EducationEducation

Episodes

#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh
May 1 2024
#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh
Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh? Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt libh. Lá speisialta is brónach ab ea an Aoine seo caite, lá deireanach Shorcha s'againne ar champas Choláiste Mhuire gan Smál agus muid ag taifeadadh beo ó stiúideo WIRED99.9FM. Mar sin, bheartaíomar dul ar thuras síos bóithrín na smaointe agus muid ag féachaint siar ar na blianta curtha dínn sa choláiste i dteannta cara linn, an ardfhear lách is suáilceach é féin, Jonathan Ó Caoimh. Ciarraíoch go smior is ea Jonathan agus thug sé faoin gcúrsa bunmhúinteoireachta sa choláiste mar aon le Sorcha, is ní féidir a shéanadh go bhfuil fíor-ghrá aige do theanga na Gaeilge. Leis na bhfear faiseanta seo, phléamar conas nuamhaisiú is nuálaíocht a thabhairt do theanga na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach a chothú di mar mhúinteoirí bunscoile. Anuas air sin, phléamar dúshláin na mac léinn le moilleadóireacht, foirfeachtachas agus andúil teicneolaíochta ina measc. Chríochnaíomar leis an gcluiche comhrá s'againne, 'Bua, Dua agus Madra Rua!', éistigí linn le fáil amach cad atá i gceist leis seo! Idir an dá linn, má bhaineann sibh sult as an bpodchraoladh agus má tá fonn oraibh cúnamh a thabhairt dúinn, le bhur dtoil fágaigí léirmheas cúig réalta dúinne, cibé áit a bhfaigheann sibh bhur bpodchraoltaí. Bheimis an-bhuíoch as ucht na tacaíochta! Mar is gnách, é seo agus níos mó! Bígí linn :)
#16 Airneán le Cúán de Búrca
Feb 10 2024
#16 Airneán le Cúán de Búrca
Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca. D'éinne nach bhfuil cur amach acu ar an laoch seo go fóill, bíonn Cúán iontach gníomhíoch ó thaobh an teanga de, go háirithe thuas i mBÁC, is bíonn neart tógraí a reachtáil aige i gClub an Chonradh ó Réabh is Craobh 1916 go dtí a chlár raidió féin Airneán le Raidió na Life (cuisle na cathrach) lena leathbhádóir James Shannon.  Faoi láthair na huaire áfach, tá Cúán ag obair le TG4 ar an scéim intéirneachta s'acu sa rannóg TradTG4 agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn faoin méid atá idir láimhe aige le gairid agus faoina thaithí mar Bhleá Cliathach ar seachrán in iarthar na Gaillimhe. Ní féidir a shéanadh go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus tá sé iontach soiléir go bhfuil Cúán an cheanúil ar ár dteanga gleoite, go hiomlán faoi gheasa aici! Labhraíonn sé go neamhbhalbh faoin dúil so-aitheanta s'aige inti is an tábhacht shuntasach atá aici ina shaol féin, agus an luach a bhaineann léi dúinn uilig go háirithe ó thaobh ár n-oidhreacht is féiniúlacht mar Ghaeil. Mar is gnách, é seo agus níos mó! Dála an scéil, leannaigí @cuan.deburca, @airneanrnal agus @craobh1916 le níos mó eolais a fháil faoina rudaí uilig atá ar bun aige ar na mallaibh! Bígí linn :)